Dé Sathairn an 14 Márta
Túsphointe: Oifigí Cathartha Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath – an Ché Adhmaid, Baile Átha Cliath 8
Clárúchán: 10am-1pm ar an lá nó déan réamh-chlárúchán roimh ré ar www.stpatricksfestival.ie (spásanna teoranta ar fáil)
Faoin Tóraíocht Taisce
Eispéireas saor in aisce, spraíúil agus inrochtana a bheidh i gceist le Tóraíocht Taisce na Féile Pádraig Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Leanfaidh rannpháirtithe conair spreagúil trí Bhaile Átha Cliath, ag tabhairt cuairt ar roinnt de na suíomhanna is áille agus is stairiúla sa chathair agus ag oibriú amach leideanna feadh an bhealaigh. Tugann an eachtra uirbeach idirghníomhach seo cuireadh d’fhoirne a spiorad eachtrúil a chur sa tsiúl, oibriú le chéile chun sraith leideanna a réiteach agus blaiseadh a fháil de Chathair Bhaile Átha Cliath ar bhealach atá thar a bheith uathúil.
Beidh dhá rogha ann, bealach gearr (a mbeidh thart ar uair an chloig amháin ag teastáil uaidh chun é a chríochnú) agus an bealach iomlán (a mbeidh thart ar uair go leith ag teastáil uaidh). Bronnfar duaiseanna ar leith do gach catagóir.
Is féidir na hamanna sin a ghlacadh mar threoir gharbh má bhogann tú go díreach tríd an gconair — ach molaimid go dtógann tú do chuid ama sna láithreáin dheasa agus spéisiúla a dtabharfaidh gach leid thú chucu agus sult a bhaint as an tóraíocht. Seans go bhfeicfidh tú roinnt léirithe agus rudaí nach raibh tú ag súil leo feadh an bhealaigh! Ionas nach gcuirtear am amú ar an lá, moltar do rannpháirtithe clárú ar líne roimh ré. Is féidir suas le ceathrar a bheith ar foireann.
Mar thoradh ar aiseolas ó rannpháirtithe anuraidh, ní chuirfear am leis an Tóraíocht Taisce i mbliana. Cuirfear gach foireann a chríochnaíonn an tóraíocht roimh an am chríche ag 4pm isteach i gcrannchur chun ár nduaiseanna iontacha a bhuachan, le neart spotduaiseanna le buachan ar an lá freisin, lena n-áirítear an fhoireann is dea-ghléasta agus ainm foirne is fearr.
Conas páirt a ghlacadh i dTóraíocht Taisce na Féile Pádraig Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath?
- Déan foireann de suas le ceathrar a chur le chéile agus tosaigh ag prapáil don eachtraíocht.
- Cláraigh roimh ré ar líne ag stpatricksfestival.ie, nó ar an lá ag Oifigí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an Ché Adhmaid (spásanna teoranta ar fáil dóibh siúd nár réamh-chláraigh).
- Bailigh do phacáiste foirne, lena n-áirítear do chárta stampa agus roinnt féiríní chun tús a chur leis an eachtraíocht.
- Lean na leideanna chun teacht ar an mbealach is fearr chun gach ionad a bhaint amach — ní nochtfar leid nua go dtí go dtagtar chomh fada leis an gcéad láithreán eile!
- Bailigh stampa ó fhoireann na Féile ag gach ionad atá páirteach. Le chéile, cruthóidh do stampaí prionta ar leith, a dhear an t-ealaíontóir Heather Gilroy.
- Fill ar Oifigí Cathartha Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag an gCé Adhmaid agus do chárta stampa líonta chun dul isteach sa chrannchur ar mhaithe le roinnt duaiseanna iontacha a bhuachan.
- Déanfar teagmháil leis na buaiteoirí agus fógrófar iad ar shuíomh gréasáin na Féile Pádraig agus ar ár gcuntais meán sóisialta.
Duaiseanna
Tá trí dhuais iontacha sa chatagóir fhada agus sa chatagóir ghearr araon, lena n-áirítear:
- Ceithre thicéad chuig ár bpacáiste fáilteachais Shráid Phádraig ar Lá Fhéile Pádraig. Áirítear leis sin 4 thicéad don Ardán Mór chun breathnú ar an Mórshiúl, agus béile ceiliúrtha ina dhiaidh sin.
- Dearbhán One4all €400
- Dearbhán Decathlon €150
- Agus ní hé sin an méid! Beidh neart spotduaiseanna iontacha á mbronnadh againn ar an lá freisin — ach ní mór duit a bheith linn sa tóraíocht chun fáil amach cad iad
Tá an eachtraíocht ag glaoch… an bhfuil tú réidh aghaidh a thabhairt ar Thóraíocht Taisce na Féile Pádraig Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath?