Skip to main content

Bígí linn ar shráideanna Bhaile Átha Cliath do Pharáid Náisiúnta Lá Fhéile Pádraig a bheidh mórthaibhseach Dé Domhnaigh an 17 Márta!

Is í Paráid Náisiúnta Lá Fhéile Pádraig croílár an domhain ar Lá Fhéile Pádraig – eachtra i bpríomhchathair na hÉireann is fiú go mór a dhéanamh ar a laghad uair i do shaol, atá i gcroílár an cheiliúrtha domhanda ar ár gcultúr, oidhreacht agus daoine Éireannacha.

Arna thiomáint ag luachanna pobail, éagsúlachta agus cuimsithe, sonais agus inbhuanaitheachta, le réimse leatha grúpaí pobail, mar aon le compántais tóstail is cruthaithí na hÉireann lena n-áirítear Spraoi, Artastic, Inishowen Carnival agus Buí Bolg.

Bí i dteannta leathmhilliún breathnóir a bhailíonn gach Márta chun os cionn 4,000 rannpháirtí a fheiceáil sa Pharáid lena n-áirítear bannaí máirseála ó gach cearn den domhan i dtaispeántas spleodrach de cheol agus mórthaibhseacht, taibheoirí le héadaí galánta, grúpaí damhsóirí ildaite, áille agus taispeántas mórthaibhseach de fhlótaí rabairneacha agus iad ag déanamh a mbealach trí shráideanna stairiúla Bhaile Átha Cliath.

Le ceiliúradh glórach ina chroílár, léiríonn an Pharáid go bródúil splanc na cruthaitheachta, na samhlaíochta, an gháire agus an áthais as a bhfuil aithne forleathan ar ár muintir.

Ardáin mhóra

Níl aon bhealach níos fearr chun taitneamh a bhaint as dath agus iontas Pharáid na Féile Pádraig ná ó chompord do shuíocháin féin i gceann dár n-ardáin mhóra.

Tá suíocháin chlúdaithe, shrathacha, leithdháilte sna hardáin mhóra, atá suite go straitéiseach ag sé áit éagsúla feadh bhealach na Paráide.

Féach agus bain sásamh as an bParáid ó shuíomh uathúil, mar a thugann ár nÓstaigh Ardáin tráchtaireacht bhríomhar dár n-aíonna, ag insint scéal na paráide agus é ag tarlú os do chomhair. Bí i measc na chéad daoine chun na taibheoirí a fheiceáil agus iad ag cur tús lena n-aistear sa Pharáid!