Bígí linn i mBaile Átha Cliath d'Fhéile Pádraig 2026!
Ar feadh na gcéadta bliain, ó oileán beag ar imeall na hEorpa, tá ár gceol, ár bhfilíocht, ár n-ealaín, ár litríocht, ár gcultúr agus ár n-oidhreacht, agus thar aon rud eile, ár ndaoine, roinnte againn le pobail agus tíortha ar fud an domhain.
Read More
An Márta seo, tugaimid cuireadh duit chuig Féile Pádraig i mBaile Átha Cliath chun cabhrú linn ár gcuid agus ár n-áit inár bpobal domhanda a cheiliúradh…
Idir ár bParáid Lá Fhéile Pádraig a bhfuil cáil dhomhanda uirthi, agus ár gclár pacáilte d’imeachtaí ag Ceathrú na Féile ag Ard-Mhúsaem na hÉireann íocónach, Dún Uí Choileáin, lena n-áirítear scoth an cheoil, an damhsa, an tsorcais, an chomhrá, an taispeántais, an bhia agus na dí agus a lán rudaí eile nach iad.
Agus imeachtaí ar siúl ar fud ár gcathrach iontaí, is é Baile Átha Cliath an áit le bheith an Márta seo.
Ceiliúradh amháin
Cathair amháin
Bígí páirteach ann!
Maidir leis an bhFéile
Is ceiliúradh náisiúnta na hÉireann ar ealaíona, cultúr agus oidhreacht na hÉireann í Féile Pádraig, agus tá sí ar cheann de na féilte cultúrtha is fearr ar domhan. Tionóltar an Fhéile i mí an Mhárta gach bliain i mBaile Átha Cliath agus cuireann sí beocht sa chathair le clár ceithre lá lán le ceol, taibhléiriú, mórthaibhsiú, damhsa, amharclannaíocht, litríocht, na hamharc-ealaíona, bia, agus gníomhaíochtaí faoi stiúir an phobail. Is í Paráid íocónach Lá Fhéile Pádraig croílár na Féile.
Bunaíodh an Fhéile sa bhliain 1996, agus d’fhás sí ó cheiliúradh aon lae go dtí ardán cultúir a aithnítear ar fud an domhain agus a léiríonn traidisiúin sheanbhunaithe na hÉireann agus an saol bríomhar cruthaitheach comhaimseartha. Is buaicphointe tábhachtach d’fhéilire cultúrtha na hÉireann í sa lá atá inniu ann, agus léiriú cumhachtach ar Éireannach an lae inniu; duine atá áthasach, uilechuimsitheach, le hintinn oscailte agus atá fréamhaithe sa phobal.
Tá tionchar mór eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha ag Féile Pádraig. In 2025, ghin an Fhéile €138 milliún do gheilleagar na hÉireann, íocadh €32 milliún leis an Státchiste, cruthaíodh os cionn 10,500 lá fostaíochta, agus cuireadh fáilte roimh níos mó ná 550,000 freastalaí ag 231 imeacht. Déanann an Fhéile teagmháil le breis agus 600 milliún duine gach bliain agus tá ról ríthábhachtach aici chun Éire a thaispeáint mar cheann scríbe cultúrtha ar chaighdeán domhanda agus áit thar a bheith fiúntach le cuairt a thabhairt uirthi gach Márta, rud a mheallann turasóirí sa séasúr seachbhuaice. Tacaíonn an Fhéile go hollmhór le hearnáil chruthaitheach na hÉireann. Fostaítear na mílte ealaíontóirí, oibrithe ealaíon, gairmithe imeachtaí beo, grúpaí pobail oibrithe deonacha gach bliain. Oibríonn na céadta cruthaitheach agus cuideachta paráide sa chúlra i rith na bliana chun an Fhéile a thabhairt chun críche, agus foireann bheag lárnach thiomanta ag tacú leo.
Faoi cheannaireacht an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin, Richard Tierney, tá Féile Pádraig ag céim fáis chlaochlaitheach agus inbhuanaithe anois. Tá straitéis shoiléir leagtha amach don Fhéile le haghaidh 2026–2029, agus tá forás ag teacht uirthi an t-am ar fad, mar cheiliúradh náisiúnta suaitheanta a bhfuil fréamhacha doimhne aici agus aitheantas uirthi ar fud an domhain, lena n-áirítear pleananna i gcomhair mórthaibhsithe cultúrtha nua ar scála mór sna blianta amach romhainn.
Is eagraíocht sheachbhrabúsach neamhspleách í Féile Pádraig a bhfuil stádas carthanais aici agus faoi rialú Bhord Stiúrthóirí .
An Téama
Fréamhacha an téama le haghaidh Féile Pádraig 2026, ceiliúradh ar ár n-áit dhúchais, ar an méid a choinníonn ár gcosa ar an talamh, agus ar an gcaoi a leanaimid orainn ag fás le chéile.
Tá ceangal láidir ag Éire le scéalaíocht agus gnás. Is tír í ina maireann miotais ársa in éineacht le cultúr an lae inniu, agus ina roinntear deasghnátha séasúracha agus nósanna caidrimh laethúla sna pobail. Tá fréamhacha na hÉireann le fáil ní hamháin sa stair agus sa bhéaloideas, ach i dtaithí saoil gach duine a thugann ‘an baile’ ar an oileán seo, agus tionchar ar an tír ag imirce, eisimirce agus malartú cultúir ó ghlúin go glúin.
In 2026,tá an Fhéile ag déanamh fiosrú ar fhréamhacha mar rud atá beo agus ag éabhlóidiú, agus tá cuireadh á thabhairt don lucht féachana machnamh a dhéanamh ar fhéiniúlacht, muintearas agus na scéalta atá i bpáirt againn. Ag an am céanna, tá spás á chruthú ag an bhFéile le haghaidh guthanna nua agus léirithe comhaimseartha ar chultúr na hÉireann.
Clár beo bríomhar ar fud na cathrach
Tá cuireadh á thabhairt ag Féile Pádraig 2026 do mhuintir na háite agus do chuairteoirí chuig clár beo bríomhar ar fud na cathrach ina mbeidh breis agus 150 ealaíontóir páirteach i gcúrsaí ceoil, amharclannaíochta sráide, damhsa, ceardaíochta, grinn agus taibhléirithe rannpháirtíochta.
Tá comhoibriú agus inrochtaineacht i gcroílár chlár na bliana seo. I measc na mbuaicphointí beidh bannaí máirseála, fuaimdhreacha tumthacha, damhsóirí faoi stiúir ag cathaoireacha rothaí, bailé do dhaoine os cionn 55 bliana d’aois, amharclannaíocht Éireannach den chéad scoth, scéalaíocht fhochultúir, ceardlanna ceardaíochta rannpháirtíochta, moil do theaghlaigh agus spásanna do dhaoine néara-éagsúla. Le chéile, léiríonn na heispéiris sin scéal comhroinnte na hÉireann – scéal atá fréamhaithe i ngnás, pobal agus malartú cruthaitheach.
Buaicphointí na féile ar fud na cathrach
Beidh Baile Átha Cliath lán spraoi agus spleodair ar feadh deireadh seachtaine na Féile, le taibhléirithe agus eispéiris rannpháirtíochta a fhásann go nádúrtha ar na sráideanna agus a mheallann daoine chun teacht le chéile agus eispéiris a roinnt le teann muintearais.
Beidh an lucht féachana in ann sult a bhaint as ceol ar na sráideanna ó Mr Wilson’s Second Liners agus dream a bhfuil an-tóir orthu i mBaile Átha Cliath, Acid Granny Compact; beidh greann i nGaeilge le fáil i seó Áine Gallagher, A Cup of Focals; agus beidh taibhléirithe grinn sráide ann, ina measc Garda le Colm O’Grady agus St. Patrick’s Seagulls.
Maidir le cúrsaí damhsa beidh an bailé Silver Swans, a cruthaíodh go speisialta do dhaoine os cionn 55 bliana d’aois, chomh maith le saothar Maryam Madani, taibheoir damhsa agus gníomhaí a úsáideann a cleachtas faoi stiúir cathaoireach rothaí chun mórtas daoine faoi mhíchumas a cheiliúradh mar ghníomh forbartha pobail áthasach. Cuirfidh Luail, Compántas Náisiúnta Damhsa na hÉireann, Dance Corner, faoi choimeádaíocht Dylan Quinn, i láthair.
Beidh deis ag lucht leanúna na hamharclannaíochta sult a bhaint as léiriú speisialta de The Plough and the Stars in Amharclann na Mainistreach, 100 bliain ó cuireadh ar an stáitse é den chéad uair. Beidh ceardlanna ceardaíochta ar siúl, inar féidir triail a bhaint as ceardaíocht thraidisiúnta agus chomhaimseartha, ina measc lásadóireacht, gaibhneacht stáin, fíodóireacht sailí agus feiltbhrat.
Beidh imeachtaí ar siúl ag áiteanna aitheanta ar fud na cathrach, ina measc Amfaitéatar na Cé Adhmaid, EPIC, Páirc Wolfe Tone, Drioglann Jameson, Lár Bhaile Dhún Droma agus an t-ardán banna ceoil i bhFaiche Stiabhna.
An teaghlach, an pobal agus cultúr na hOíche
Freastalóidh Féile Pádraig 2026 ar éagsúlacht an lucht féachana le clár a chuireann glúnta, ábhair spéise agus féiniúlachtaí éagsúla san áireamh.
I rith an lae, cuirfidh moil atá dírithe ar an teaghlach spásanna fáiltiúla agus spraíúla ar fáil, mar shampla Sráidbhaile na dTeaghlach de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag an gCé Adhmaid. Beidh imeachtaí ar siúl sna moil sin, mar shampla DJ Seanem, an DJ is óige in Éirinn a chasann ceol ag féilte, Bus Leabharlann Chathair Bhaile Átha Cliath agus eispéiris chruthaitheacha le Brící Spraoi.
Tar éis luí na gréine, tabharfaidh an Fhéile aghaidh ar chultúr oíche fuinniúil Bhaile Átha Cliath. I measc na mbuaicphointí le bheith ag súil leo, casfaidh Henrik Schwarz in Pygmalion an 16 Márta agus beidh Taibhléirithe Tine na Féile ar siúl an 14 agus an 15 Márta, rudaí a chruthóidh eispéiris chultúrtha chomhroinnte do dhaoine fásta agus an bhéim ar an gcraic, an féith ghrinn Éireannach a bhfuil cáil uirthi ar fud an domhain.
Paráid Lá Fhéile Pádraig, Baile Átha Cliath, 2026
Beidh Paráid Náisiúnta Lá Fhéile Pádraig ar siúl i mBaile Átha Cliath Dé Máirt an 17 Márta. Léiriú dodhearmadta ollmhór ar an tsamhlaíocht agus ar an gcruthaitheacht a bheidh ann.
Beidh bunphrionsabail na Féile – pobal, éagsúlacht, áthas, rathúnas agus inbhuanaitheacht – le feiceáil arís i mbliana agus Paráid 2026 ag tosú ag Cearnóg Parnell, mar is gnách. Beidh níos mó uaillmhéine agus idirghníomhaíochta le brath i mbliana agus cuirfear áthas ar an lucht féachana go léir, idir óg agus aosta.
Beidh 12 fhlóta mhóra as cuideachtaí paráide neamhspleácha sa pharáid, agus os cionn 3,000 duine rannpháirteach iontu. Beidh compántais ghlóir-réime a bhfuil an-chion orthu ag filleadh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, ina measc Macnas, Buí Bolg, Spraoi, Inishowen Carnival Group, Curious State, Volkidána, The Outing Queer Arts Collective, Artastic agus ArtFX. Beidh grúpaí eile ann den chéad uair freisin, mar shampla, Lumen Street Theatre agus Show CoMotion, cuideachta paráide atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus a ghlacfaidh páirt san Fhéile den chéad uair i mbliana.
Gné ollmhór den Pharáid is ea rannpháirtíocht idirnáisiúnta. Beidh bannaí máirseála ag teacht as Albain agus na Stáit Aontaithe chun páirt a ghlacadh ann, ina measc bannaí Meiriceánacha as Ohio, Arizona, Illinois, Wisconsin, Iowa, Mississippi, Indiana agus Texas, rud a léiríonn an nasc domhain cultúrtha idir Éirinn agus an diaspóra ar fud an domhain.
Is í Aoife Carry an Stiúrthóir Ealaíne, agus faoina ceannaireacht tabharfar tús áite do shármhaitheas ceardaíochta agus dearaidh sa Pharáid, do rannpháirtíocht an phobail, don inbhuanaitheacht agus don inrochtaineacht, agus díreofar go mór ar athúsáid, uaschúrsáil agus léiriúchán aireach.
D’fhonn cur lena Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide, úsáidtear cleachtais inbhuanaithe san Fhéile agus tá bród orainn dul i gcomhar le Kia mar chomhpháirtí feithicle oifigiúil don chúigiú bliain as a chéile.
Téama lárnach san Fhéile i gcónaí is ea an inrochtaineacht, agus beidh Spás Suaimhneach na Paráide ann arís i mbliana, urraithe ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i gcomhar le As I Am. Tá an spás seo ceaptha tacú leis an lucht féachana néara-éagsúil agus le daoine a thairbhíonn de thimpeallacht níos solúbtha. Beidh níos mó spáis ann le bheith ag gluaiseacht, áiteanna a chuireann cúrsaí céadfacha san áireamh, suíocháin thiomnaithe agus siamsaíocht roimh an bParáid. Is le crannchur a leithdháiltear áiteanna don lucht freastail agus fógrófar tuilleadh mionsonraí faoi sin go luath.
Tá fáil ar líon teoranta suíochán in Ardán Mór na Paráide agus Pacáistí Fáilteachais ag www.stpatricksfestival.ie. Maidir le daoine nach mbeidh in ann a bheith ar an láthair, craolfar an Pharáid beo ar RTÉ One agus go hidirnáisiúnta ar RTÉ Player.
Ardáin mhóra
Níl aon bhealach níos fearr chun taitneamh a bhaint as dath agus iontas Pharáid na Féile Pádraig ná ó chompord do shuíocháin féin i gceann dár n-ardáin mhóra.
Tá suíocháin chlúdaithe, shrathacha, leithdháilte sna hardáin mhóra, atá suite go straitéiseach ag sé áit éagsúla feadh bhealach na Paráide.
Féach agus bain sásamh as an bParáid ó shuíomh uathúil, mar a thugann ár nÓstaigh Ardáin tráchtaireacht bhríomhar dár n-aíonna, ag insint scéal na paráide agus é ag tarlú os do chomhair. Bí i measc na chéad daoine chun na taibheoirí a fheiceáil agus iad ag cur tús lena n-aistear sa Pharáid!
Book
Your Tickets
Grandstand tickets for the 2026 St. Patrick’s Festival Parade are now on sale