Ealaíontóirí, taibheoirí, agus clubanna fógartha lena n-áirítear...
Géilí Mór le Pj Kirby, Bobbi Arlo, Lewwab, Pastiche, Tim Chadwick, Basht., Katie Kim, Pixie Cut Rhythm Orchestra, Megan O'Neill, Junior Brother, Pixie Woo, Anziety, Vicky Volltz, Viola Gayvis, RTÉ 2FM Rising Artists, DJanna de chuid Homebeat agus go leor eile.
Faoi réir ceadúnais.
Tá an clár le haghaidh Féile Náisiúnta Naomh Pádraig, Baile Átha Cliath, Éire, ar an 16 go dtí an 19 Márta 2023 foilsithe inniu, Dé Luain, an 30 Eanáir 2023. Is é téama na bliana seo ná ‘ONE’ nó ‘LE CHÉILE’ ina mbeidh ceiliúradh domhanda mórthaibhseach ealaíona, cultúir agus oidhreachta na hÉireann agus an Fhéile ag tabhairt cuireadh oscailte do dhaoine ar fud an domhain teacht go Baile Átha Cliath, in Éirinn chun roinnt, bualadh le chéile, páirt a ghlacadh agus ceiliúradh le chéile.
Beidh Paráid Náisiúnta Lá Fhéile Pádraig na bliana seo, atá tiomanta ag luachanna pobail, éagsúlachta, óige agus inbhuanaitheachta, ar an bparáid is uaillmhianaí riamh, ina mbeidh gnéithe nua dochreidte ealaíonta, idirghníomhacha agus san aer ar siúl.
Beidh seó nua mór ag oscailt na féile atá á choimisiúnú i gcomhar le seó Fhéile Naomh Pádraig na nEalaíon Pobail le Macnas, Junk Kouture, Discovery Gospel Choir, agus grúpaí pobail mar óstaigh, agus an Fhéile ag leanúint ag obair le comhlachtaí cruthaitheacha an tseó atá ina máistrí in Éirinn lena n-áirítear Bród Bhaile Átha Cliath, Spraoi, Artastic, Carnabhal Inis Eoghain agus d’fhéadfadh sé go bhfeicfimis roinnt cairde speisialta ó Disney. I mbliana, tá Buí Bolg agus Kia ag obair i gcomhar lena chéile le haghaidh seó nua cruthaitheach dar teideal ‘An Todhchaí a Chorraíonn Muid’ ina mbeidh gné AR idirghníomhach i gceist sa pharáid den chéad uair riamh. Táthar ag súil go mbeidh leathmhilliún duine sa lucht féachana ar gach taobh den tslí i mbliana, agus beidh 7 seó cruthaitheach, 10 dtaibhiú taispeántais idirthréimhseacha, 15 bhanna máirseála fud fad na hÉireann, Mheiriceá Thuaidh agus Cheanada sa Pharáid, agus beidh 4,000 duine ag glacadh páirte i bParáid Náisiúnta Lá Fhéile Pádraig a bhfuil an chuma uirthi go mbeidh sí ar an bparáid is mó riamh.
Ar ár lá náisiúnta de cheiliúradh cultúrtha, tugann Féile Naomh Pádraig cuireadh dóibh siúd ar fud an domhain teacht le chéile ar an Aoine, an 17 Márta chun ceiliúradh, roinnt, gáire a dhéanamh, páirt a ghlacadh sa seó agus cuimhneamh gur ‘Mar a chéile sinn’. Agus muid ag cuimsiú an téama aontaitheach agus inspioráideach de LE CHÉILE, déanfaidh Paráid Náisiúnta Lá Fhéile Pádraig 2023 béim a leagan ar an mhaitheas atá mórthimpeall orainn. Feidhmíonn an téama mar mheabhrú dúinn má bhímid LE CHÉILE le dínit agus meas, go gcosnaímid a chéile agus ár ndomhan iontach. Tá cáil ar Éirinn as a dtraidisiúin, a chultúr agus a oidhreacht bhuan, ach baineann a scéalta freisin mar chuid dár gcultúr domhanda aontaitheach, a cheanglaíonn le chéile muid trí cheol, scéalaíocht, spórt, dúlra agus traidisiún, a thrasnaíonn teorainneacha agus a chuireann i gcuimhne dúinn ár bhfreagracht roinnte chun cúram a thabhairt dár bpláinéad, chun na glúnta atá le teacht a chosaint.
Is gné iomlán nua do Pharáid 2023 é Suntas! (bí san airdeall!). Beidh páirt ag Suntas! sna hidirghabhálacha cruthaitheacha móra ar fhoirgnimh aitheanta thart timpeall Bhaile Átha Cliath, rud a chuirfidh sraitheanna scéalaíochta agus spéise ar fáil agus beidh an chathair beo bríomhar sa tréimhse roimh an bhFéile. Agus an chathair ag athrú go dath Uaine ag réiteach d’imeachtaí ceiliúrtha Naomh Pádraig, tosóidh lucht cathrach ag tabhairt faoi deara teacht Ollphéist, agus iad i gceannas ar na foirgnimh is aitheanta san ardchathair. Beidh siad feiceálach i rith an lae agus soilsithe san oíche agus na turasóirí agus na daoine áitiúla ag siúl mórthimpeall na cathrach. Ar Lá na Paráide, beidh an lucht féachana ag féachaint le hiontas de réir mar a dhéanann rannpháirtithe an tseó idirghníomhú leis na harrachtaí agus iad faoi cheangal i gcath éachtach idir an mhaith agus an t-olc, idir Bandéithe agus Arrachtaí, mar aon le léiriú gan choinne d’ealaíontóirí Fidget Feet san aer i léiriú mórthaibhseach go hard san aer.
Is féidir líon teoranta de Shuíocháin Pharáide san Ardán Mór agus Pacáistí Fáilteachais a cheannach ANSEO.
Agus ag filleadh in athuair in 2023 tar éis léiriú dochreidte den chéad uair anuraidh tá Ceanncheathrú na Féile Naomh Pádraig in Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin a bheidh mar bhaile don Fhéile uirbeach draíochtúil ó mhaidin go hoíche do chách, ón 16 go dtí an 18 Márta. Beidh Tent Mór agus Tent Beag, Príomhstáitse lasmuigh do 3,000 duine, Story Yurt, spásanna taibhithe, áiteanna scíthe, aonach siamsaíochta beag lena agus Sráidbhaile Bia agus Ceardaíochta na hÉireann ar fáil ar thailte shuíomh oidhreachta agus stairiúil atá ar an suíomh is mórthaibhsiúla i gcroílár Bhaile Átha Cliath.
Beidh gach imeacht i rith an lae saor in aisce, mar aon leis an gclár iomlán lae agus oíche ar Lá Fhéile Pádraig, le tacaíocht ó Aerfort Bhaile Átha Cliath. Maidir le himeachtaí a bheidh ar siúl san oíche an 16 agus an 18 Márta is gá ticéad réamhcheannaithe a bheith i do sheilbh a bheidh bailí do chlár iomlán an tráthnóna. Tá ticéid ar fáil ANSEO. Beidh Ceanncheathrú na Féile oscailte do dhaoine ar gach aois i gcaitheamh an lae, agus beidh sé coinnithe do dhaoine fásta amháin óna 6pm go dtí 10.30pm. Beidh Ceanncheathrú na Féile, atá suite siúlóid ghairid ó lár na cathrach, atá ar fáil go héasca ar Luas nó ar bhus, agus atá in aice le Stáisiún Heuston, mar lárionad beo bríomhar do dhaoine áitiúla agus do chuairteoirí araon ón 16 go dtí an 18 Márta.
Dé hAoine, an 17 Márta (12pm-6pm), Dé Sathairn, an 18 Márta (12pm-5pm),
Tá spraoi an teaghlaigh agus spiorad an phobail lárnach d’Fhéile Naomh Pádraig. Is féidir le teaghlaigh sult a bhaint as réimse gníomhaíochtaí lena n-áirítear amharclannaíocht sráide, cluichí idirghníomhaíochta, seónna sorcais agus eolaíochta, cainteanna, taispeáintí scannán agus go leor eile. Bain sult as drithlíní an tsorcais le Tumble Circus, Curious State Circus, Professor Plunger, Guido Fanzini, Mark an Fear Eolaíochta, nó téigh ag cluichíocht le Actual Reality Arcade agus níos mó.
Óna 12pm ar an Aoine, an 17 Márta, beidh neart imeachtaí, ceoil, amhránaíochta agus damhsa ar bun do dhaoine ar gach aois agus muid ag ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig go paiteanta. Tar linn chuig an bPríomhstáitse don Chéilí Mór a mbíonn an-tóir air lena mbeidh páirt ag The Shandrum Céilí Band agus Féile na Gealaí, Japanese Taiko Drummers, Rinceoirí Traidisiúnta na hÉireann, Music Generation Laois Trad Orchestra, scéalaíocht ó Candlelit Tales agus na Fingal Mummers, ceol ó Imlé agus Llareggub ón mBreatain Bheag, le tacaíocht ó Rialtas na Breataine Bige in Éirinn agus go leor eile.
Ar an Satharn, an 18 Márta an lá i ndiaidh an hoíche móire, filleann ár gclár atá pacáilte le himeachtaí don teaghlach, mar aon le cainteanna, taispeántais, buíonta DJ, an t-amhrán Abair agus an tsraith scéalaíochta, agus taispeántais cheoil ar na 4 stáitse le Mo Cultivation & Friends Alice, Celaviedmai, Code of Behaviour, Grooveline, agus an GOAL Global Citizen Stage lena mbeidh taispeántais ó ghrúpaí pobail idirnáisiúnta, Adam Mohamed, Curiosity Music Group, Blaq Apollo + Mimmi & go leor eile.
Déardaoin, an 16 - Dé Sathairn, an 18 Márta, 6pm – 10.30pm gach lá (Os cionn 18 amháin)
Nuair a bheidh an ghrian ag dul faoi, ó 6pm gach lá, beidh Oícheanta Cheanncheathrú na Féile go beo bríomhar le taispeáintí soilsithe den chéad scoth agus maisiúcháin, sráidbhaile bia gnóthach agus áiteanna a mbeidh daoine fásta amháin ag tarraingt orthu.
Ar oíche na hoscailte, Déardaoin an 16 Márta, maidir le Cultúr Club, beidh poiblitheoirí Chlub LADTA+ ag teacht le chéile le poiblitheoirí Fhéile Naomh Pádraig arís an lá roimh cheiliúradh mór an domhain ar chultúr na hÉireann le haghaidh cóisir mhór amháin. Ar an bPríomhstáitse, cuirfidh Cultúr Club an chéad ‘Géilí’ LADTA+ i láthair le PJ Kirby atá go hiontach, agus ansin beidh Banríon na hÉireann í féin, Panti Bliss agus a páirtí damhsa, Denys Salmon díreach ó Dancing with the Stars de chuid RTÉ. Tagann ealaíontóir na hÉireann atá Aerach agus ainmnithe le haghaidh Gradam Choice Music de chuid RTÉ Elaine Mai le MayKay agus Sinéad White le chéile le haghaidh léiriú aon uaire speisialta de na clasaicí clubanna. In éineacht leo ar an stáitse beidh roinnt de na healaíontóirí is corraithí i measc ghrúpaí ceoil na hÉireann lena n-áirítear Bobbi Arlo, Lewwab, Pastiche, agus Tim Chadwick. Cuirfidh Mother Djs cóisir damhsa aerach i gcaitheamh na hoíche i láthair sa Champa Mór in éineacht leis na rinceoirí OINK agus beidh Pixie Woo, Anziety, Shaqira Knightly agus Viola Gayvis gléasta go gleoite in éadaí ban. Beidh SEANCHOÍCHE iontach, oíche scéalaíochta a bunaíodh i mBaile Átha Cliath ar an stáitse Campa Beag ar bun ina mbeidh scéalta chun daoine a chur faoi gheasa agus faoi dhraíocht le Úna Mullally. Agus dóibh siúd nach bhfuil sásta an t-urlár damhsa a fhágáil, beidh ardán an Bhanna Ceoil lán le réimse DJanna le daoine in éadaí ban, damhsa agus diabhlaíocht ar siúl an t-am ar fad.
Ar an Aoine, an 17 Márta de réir mar a iompaíonn Lá Fhéile Pádraig ina Oíche Fhéile Pádraig, beidh ceol beo le cloisteáil sna tailte cáiliúla d’Ard-Mhúsaem na hÉireann agus muid ag ceiliúradh ár n-ealaíontóirí i gceol traidisiúnta na hÉireann ar a n-áireofar Kíla + Brass Band, The Bonny Men, Jiggy, Saltaire, Polca 4, Paahto & the Bull, Cairde Ceoil, ainmní an Ghradaim Choice Music Junior Brother, agus The Latchikos. Bí ag rince go maidin sa stíl Cheilteach le Trad Rave DJ ar Ardán an Bhanna Ceoil Clarke Square & go leor eile!
Ar an Satharn, an 18 Márta, agus iad ag obair i gcomhar lena chéile, thug Féile Naomh Pádraig cuireadh don cheoltóir is fearr thart agus ar bhain rath amach go hidirnáisiúnta Pillow Queens chun tráthnóna a choimeád a dhéanann an ceol nua is fearr de chuid na hÉireann a cheiliúradh ar na ceithre stáitse ar an suíomh Cheanncheathrú na Féile, sula dtéann siad ar an bpríomhstáitse agus é a thabhairt abhaile le seit a chuirfidh sceitimíní ar an lucht féachana mar fhíorcheiliúradh ar chultúr na hÉireann. Beidh scoth na tallainne is fearr dár dtír féin ar an stáitse an oíche sin lena n-áirítear Melts, Sprints, Gurrier, Girlfriend, Basht, Katie Kim, PCRO, Megan O'Neil, Cat Dowling, Really Good Time & bannaí atá ag teacht chun cinn de chuid 2FM agus HOMEBEAT DJanna.
Ar feadh an deireadh seachtaine in Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún an Choileáin beidh taispeántais ar bun ón togra scéalaíochta agus amhránaíochta traidisiúnta bliantúil ABAIR, a fhaigheann maoiniú ón gComhairle Ealaíon, le taispeántais agus comhráite le Donegal Tarantella ina mbeidh buaiteoir an Ghradaim Grammy Francesco Turrisi (Rhiannon Giddens) agus Anna Cinzia Villiani ón Iodáil agus Rónán Galvin agus Ellie Nic Fhionnghaile ó Dhún na nGall, scéalaíocht teaghlaigh ó Candle Lit Tales, deartháir agus deirfiúr Aron agus Sorcha Hegarty; The Megaphone Project - tobsraith amhránaíochta traidisiúnta a fuair spreagadh ó Johnny ‘The Singer Man’ Martin, amhránaí sráide dáimhiúil ó na 1950idí a bhí ag siúl trí na haonaigh agus na margaí in Éirinn ag seinm trí chorn mór; Yoik agus Nyagg ina mbeidh ealaíontóir joik Sami traidisiúnta Ánde Somby (na Sámaigh) agus amhránaí ó lucht siúil na hÉireann Stephen Dunne; Fuirseoir agus scéalaí Hugh Cooney in éineacht leis an amhránaí bailéad agus an siamsóir Seán Fitzgerald; an Úcráin agus Cúige Uladh: Amhráin i gCoinbhleacht ina mbeidh Seán Mone (amhránaí bailéad ó Ard Mhacha) agus Olesya Zdorovetska (an Úcráin) ar an stáitse.
Déardaoin, an 16 Márta - Dé Domhnaigh, an 19 Márta
Mar chuid de chlár imeachtaí a coimeádadh i gcomhar le páirtithe cultúrtha ar fud na cathrach, beidh go leor imeachtaí beo agus oícheanta clubanna de chuid Féile Naomh Pádraig ar fud Bhaile Átha Cliath le linn thréimhse na Féile. Bain sult as gach rud idir taispeántais ealaíne go ranganna ióga, taispeántais cheolfhoirne go píosaí amharclannaíochta nua, turais siúlóide go rásaíocht scifeanna. Is deis iontach é chun an chathair a cheiliúradh agus ag tabhairt tacaíochta dár n-oibrithe sna tionscail ealaíona, chultúrtha, oidhreachta, féilte, siamsaíochta, turasóireachta, fáilteachais go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Rud nua le haghaidh 2023 is ea an Fhéile tar éis Thitim na hOíche, sraith imeachtaí sna Clubanna Oíche tar éis 11pm. Beidh níos mó sonraí ar fáil ar www.stpatricksfestival.ie
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Bhaile Átha Cliath, Caroline Conroy, agus í ag labhairt chun clár na Féile a fhógairt: “Táim ag tnúth go mór le Féile Naomh Pádraig i mbliana, ní hamháin leis an mórshiúl trí shráidbhailte na hardchathrach ar an 17 Márta, ach freisin le Ceanncheathrú na Féile, atá ar ais don dara bliain as a chéile in Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin. Tréaslaim le Bord Fhéile Naomh Pádraig agus lena fhoireann as ceiliúradh iontach a chruthú arís atá pacáilte lán le talann iontach de chuid na hÉireann.”
Maidir le fógairt an Chláir, dúirt Richard Tierney, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Féile Naomh Pádraig: “Táim ag súil go mór le Féile Naomh Pádraig 2023, mo chéad cheann i gceannas ar an bhféile den scoth seo a dhéanann scoth chultúr na hÉireann a cheiliúradh. Glacann líon mór ealaíontóirí, oibrithe ealaíonta, déantóirí, cruthaitheoirí, foirne d’imeachtaí beo agus eagraíochtaí pobail páirt ann, atá tarraingthe ó cheann ceann na tíre, mar aon le príomhfhoireann na Féile chun beocht a chur san fhéile náisiúnta draíochtúil gach bliain. Beidh an oiread suilt le baint as an bhféile idir an 16 go dtí an 19 Márta, idir amhránaíocht, scéalaíocht agus taispeántas, scannánaíocht, drámaíocht, turais, bia agus go leor eile. Táim ar bís go mór faoinár gclár nua Suntas. Táimid fíorbhuíoch as ár maoinitheoirí, ár bpáirtithe agus ár n-urraitheoirí agus marach iad ní fhéadfaí an Fhéile a reáchtáil i mbliana agus táimid ag dúil go mór le bualadh le gach duine i gcéin agus i gcóngar go Baile Átha Cliath i mí an Mhárta.”
Luaigh Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán: “Deirtear gur Éireannaigh iad gach duine ar Lá Fhéile Pádraig agus cuirimid fáilte mhór roimh an gcuimsiú seo. Is lá é chun ár n-oidhreacht agus ár stair a cheiliúradh agus tugaimid cuireadh don domhan páirt a ghlacadh sa cheiliúradh in 2023. Tá fás agus forbairt tagtha ar an bhféile le blianta beaga anuas agus tá sí lán le togha an chultúir, na cruthaitheachta agus na hoidhreachta agus táimid ar fad an-bhródúil aisti. Tá tacaíocht de €600,000 ceadaithe agam ó mo Roinn féin don fhéile mhór seo agus táim ag súil go mór leis an gclár iomlán agus corraitheach seo atá eagraithe d’fhéile na bliana seo.”
Dúirt Orla Carroll, Stiúrthóir ar Fhorbairt Táirgí in Fáilte Éireann: “Filleann Féile Naomh Pádraig ar Bhaile Átha Cliath i mbliana, ina mbeidh paráid mhórthaibhseach agus clár iontach ceoil, ealaíona agus siamsaíochta a dhéanann ár gcultúr, ár ndaoine agus ár n-áiteanna a cheiliúradh. Beidh féile na bliana seo ar an gceiliúradh is mó riamh ar Lá Fhéile Pádraig agus gheobhaidh cuairteoirí sa bhaile agus i gcéin an deis taithí a fháil den chuid is fearr dár n-ardchathair, agus tús á chur le séasúr na turasóireachta tríd Éirinn a chur ar ardán an domhain mar áit turasóireachta atá thar cionn. Cuirimid fáilte ach go háirithe roimh na bannaí máirseála ar fad a thaistil chuig an bhféile agus a chuireann go mór le hatmaisféar an cheiliúrtha. Bíonn ról lárnach ag féilte agus imeachtaí chun taithí cuairteora ar fheabhas a chur ar fáil, a thugann cúis ar leith do chuairteoirí ceann scríbe a roghnú agus tagann méadú ar líon na gcustaiméirí sna gnólachtaí áitiúla, rud a thacaíonn le poist agus le giniúint ioncaim.”
Dúirt Lynn Scarff, Stiúrthóir ar Ard-Mhúsaem na hÉireann: “Tá áthas ar Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla agus Stair, Dún Uí Choileáin fáilte a fhearadh roimh Cheanncheathrú na Féile go Dún Uí Choileáin arís i mbliana le scoth na gceoltóirí, na dtaibheoirí agus na n-ealaíontóirí. Ardaíonn sé an croí Clarke Square a fheiceáil beo bríomhar le clár fairsing agus eicléictiúil agus léirítear an chaoi ar féidir le spásanna cultúrtha tacú le go leor ealaíontóirí agus ag plé le pobail éagsúla.”
Tá Féile Naomh Pádraig ar siúl mar gheall ar an tacaíocht leanúnach ó Rialtas na hÉireann, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíona, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, Fáilte Éireann, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus go leor comhpháirtithe agus maoinitheoirí flaithiúla eile.
Tá Clár na Féile ar fáil anois ar stpatricksfestival.ie agus leanfar á thabhairt cothrom le dáta de réir mar a fhógraítear níos mó imeachtaí agus tá na ticéid d’Oícheanta Cheanncheathrú na Féile ar díol anois. Féach www.stpatricksfestival.ie le haghaidh sonraí agus ticéid. Más mian leat a bheith ar an eolas faoin nuacht ar fad, bí páirteach ar liosta postála na Féile ar an suíomh gréasáin agus lean Féile Naomh Pádraig ar gach cainéal de chuid na meán sóisialta.
CRÍOCH
Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le THE HIVE AGENCY:
Jodie Delany: jodie@thehiveagency.ie | 0871253373
Nigel Goggin: nigel@thehiveagency.ie | 0876041161
Kerryann Conway : Kerryann@thehiveagency.ie I 0868215246
NÓTAÍ
Maidir le Féile 2023
Beidh Féile Náisiúnta Naomh Pádraig, Baile Átha Cliath ar bun idir an 16 agus an 19 Márta, 2023 agus cuireann an tacaíocht fhlaithiúil ó na Príomh-mhaoinitheoirí ar a cumas í a chur ar bun: Rialtas na hÉireann, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíona, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, Fáilte Éireann agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Faigheann Féile Naomh Pádraig 2023 tacaíocht ó go leor eagraíochtaí, páirtithe agus maoinitheoirí cathartha agus tráchtála lena n-áirítear Kia Ireland, Disney, Aerfort Bhaile Átha Cliath, Ard-Mhúsaem na hÉireann, Bulmers, Irish Ferries, Uiscebhealaí Éireann, Comhairle Ealaíon na hÉireann, GOAL, Rialtas na Breataine Bige in Éirinn, Ambasáid na Fraince i mBaile Átha Cliath, an Ghaeltacht faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, RTÉ, The Irish Independent, FM104, Irish Central agus go leor eile.
Maidir le Féile Naomh Pádraig:
Bunaíodh Féile Naomh Pádraig i 1996, agus tá fás tagtha uirthi ó fhéile aon lá amháin go himeacht ceithre lá le ceol, taibhiú, taispeántas, damhsa, drámaíocht, litríocht, amharc-ealaíona, bia, folláine, gníomhaíochtaí pobail agus go leor eile. Tá sí aitheanta ar fud an domhain mar fhéile atá ar cheann de na féilte is mó ar domhan, a chuaigh i gcion ar os cionn 700 milliún duine in 2022. Tá an Fhéile taobh thiar de dhul chun cinn an tionscail turasóireachta, a chuireann imeachtaí den chéad scoth i láthair le scoth na nÉireannach agus Éire curtha mar cheann scríbe os comhair an phobail, rud a chuireann ár gcultúr, ár n-oidhreacht agus ár dtraidisiúin uathúla agus dochreidte ar an ardán domhanda tríd eispéiris ar ardchaighdeáin a chur ar fáil.
Tá Féile Naomh Pádraig taobh thiar de dhul chun cinn na fostaíochta agus na ndeiseanna san earnáil chruthaitheach a chuir beagnach 12,000 lá fostaíochta ar fáil in 2022. Leanfaidh Féile 2023 leis na deiseanna seo a chur ar fáil, a thiomáinfidh fostaíocht tríd infheistíocht dhíreach sna tionscail thábhachtacha seo a ardaíonn Éirinn ar fud an domhain. Tá na healaíontóirí, na hoibrithe ealaíona, na hoibrithe cruthaitheacha agus oibrithe do na himeachtaí beo a bhfuil an taithí ghairmiúil is fearr acu in Éirinn ar fhoireann na Féile, a thacaíonn le príomhfhoireann bheag a oibríonn i rith na bliana chun Féile agus Paráid Naomh Pádraig a phleanáil. Bliain ar bhliain, fostaíonn Féile Naomh Pádraig na mílte ealaíontóir, idir oibrithe ealaíona, eagraíochtaí ealaíona, oibrithe imeachtaí beo, oibrithe pobail agus oibrithe deonacha de chuid na hÉireann. Is eagraíocht sheachbhrabúsach neamhspleách í Féile Naomh Pádraig a bhfuil stádas carthanachta aici, a rialaíonn Bord Stiúrthóirí faoi phátrúnacht Uachtarán na hÉireann.